Tá borradh agus biseach tagtha arís ar Silicon Valley. Tá suaitheantais gnólachtái nuathionscanta ar ais sna páirceanna oifigí le taobh an Bhealaigh Mhóir 101. Tá ardú mór ar na cíosanna agus éileamh an-mhór ar thithe saoire galánta i mbailte saoire ar nós Lake Tahoe, comhartha go bhfuil saibhreas á dhéanamh. Is é Ceantar na Bá cliabhán tionscail na leathsheoltóirí agus na gcomhlachtaí ríomhaire is idirlín a tháinig ina ndiaidh. Buíochas lena chuid saineolaithe, tá tréithe todhchaíocha ar an domhan sa lá atá inniu ann: fóin póca le scáileán tadhaill, cuardach ar an bpointe i leabharlanna ollmhóra agus ábaltacht drón a phíolótú na mílte míle uainn, fiú. Tugann an borradh, atá faoina mhargadh ó 2010 ar aghaidh, le tuiscint go bhfuil an ghaoth ina seolta.
Aisteach go leor, áfach, go dtuairimíonn daoine áirithe in Silicon Valley go bhfuil an áit sin marbhánta agus go bhfuil maolú ar an luas nuálaíochta le blianta anuas. Deir Peter Thiel, bunaitheoir PayPal a bhí an chéad infheisteoir i Facebook ón taobh amuigh, go bhfuil nuálaíocht i Meiriceá “i gcruachás nó marbh”. Tá díomá den chineál céanna ar innealtóirí i roinnt réimsí. Chomh maith leis sin, measann eacnamaithe áirithe — grúpa beag go fóill, ach tá sé ag fás – go mbíodh níos lú tionchair ag na nuálaíochta á fhorbairt faoi láthair ná a bhí roimhe seo.
[ … ]
Ar bhonn uilechoiteann, tá nuálaíochtaí ag dul ó neart go neart, a bhuí le próiseáil sonraí shaor. Tosaíonn na ríomhairí ciall a bhaint as an teanga nádúrtha. Bíonn daoine ag rialú físchluichí le gluaiseacht an choirp amháin – teicneolaíocht a bheidh curtha i bhfeidhm sa saol gnó go luath, b’fhéidir. Táirgeann an phriontáil 3T réimse rudaí níos casta i rith an ama agus b’fhéidir go mbeidh an teicneolaíocht sin in ann fíochán daonna agus ábhar orgánach eile á tháirgeadh go luath.
Déarfadh doirbhíoch éigin go bhfuil an chaint saor. Ach tá smaoineamh ag teacht salach ar an stair, an smaoineamh sin go gcaithfidh méadú cothrom nó meath seasta a bheith ag an mborradh bunaithe ar theicneolaíocht, gan a bheith ag tuile agus ag trá. Deir Chad Syverson den ollscoil Chicago nach raibh fás táirgiúlachta seasta i rith ré an leictriúcháin. Bhí an ráta fáis an-mhall sa chuid dheireanach den 19ú céad agus ag tús an 20ú haois, ag an tráth nuair a bhí roinnt nuálaíochtaí leictreachais; d’fheabhsaigh sé go tobann ina dhiaidh sin.